Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Céadaoin, Feabhra 28, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL17)
Tar éis di a bheith ag seó faisin in éineacht le Mamó, seó nach raibh cuma ná caoi air, socraíonn Olivia a seó faisin féin a chur i láthair.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL11)
Tuigeann an Captaen Flinn nach é an dea-rud é do chuid mianta ar fad a fháil nuair a imríonn na foghlaithe bob air.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL15)
Tá Sputnik ag milleadh chuile scéal ar a cuid cairde inniu.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL16)
Níl Halley sásta dul ar a clár surfála níos mó mar gheall ar an timpiste a bhí aici.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL18)
Tá Breandán ag cleachtadh don turba-rás. Ceapann Bazza nach bhfuil seans dá laghad aige é a bhuachan.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL19)
Tá Stan agus Olly ag dul ag campáil ach tá sé deacair láthair champála cheart a aimsiú. Nuair a thagann siad ar láthair, ní ligeann Stan d'Olly cúnamh a thabhairt.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL15)
Tá Iaguar Óg sáinnithe in aimsir na ndineasár. An mbeidh sé ar ais in am don chóisir?

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL44)
Tá sé i bhfad níos deacra ná mar a cheap na cairde na caoirigh a chur isteach sa gharraí eile. Féachann na feithiclí le heitilt, seachas Wheezy, mar go mbíonn cúnamh ó Wheezy le dul ag eitilt.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL2)
Tá torann éigin ag coinneáil gach duine ina ndúiseacht, meas tú cá as a bhfuil an torann ag teacht?

Dot
Dot
08:45
(S1/CL38)
Tá Dot ag iarraidh cárta poist speisialta a sheoladh chuig a Mamó.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL19)
Déanann Masha bleachtaire di féin le réiteach a fháil ar chás aisteach.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL36)
Téann Messy go Okido chun an droichead a dheisiú.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL51)
Tá Nic agus Sailí ag caitheamh a gcuid buataisí nua ach tá siad ag dul i bhfostú sa phuiteach.

Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)
09:30
(S1/CL64)
Ar chlár an lae inniu feicfimid hamstar ag seinm an phianó, moncaí ag dul timpeall agus timpeall agus rón atá ag tógáil ordaithe ó cháilín óg.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S8/CL20)
Tá an t-athrú atá ag teacht ar an saol mar gheall ar an gcogadh ag cur as do John Walton.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S8/CL21)
Tagann Stanley Perkins, fear a bhíonn ag díol earraí, chuig Sliabh Walton. Tá sé ag iarraidh a bheith mór le Rose arís.

Cheese Slices
Cheese Slices
11:55
(S7/CL3)
Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna British Columbia i gCeanada a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Tabharfaidh Will cuairt ar dhá dhéirí, ceann i Vancouver agus an ceann eile ar Oileán Salt Spring le níos mó a fháil amach faoi na cáiseanna beaga blasta a dhéanann siad. Rachaidh sé sna Sléibhte Creagacha le casadh le déantóir cáise a dhéanann 'cáis sléibhe' ar stíl thraidisiúnta Cheanada.

Garraí Glas (OS & TS)
Garraí Glas (OS & TS)
12:30
(S4/CL6)
Rachaidh Síle go Dún na nGall go gcasfar Micheál Ó Domhnaill uirthi, fear a bhfuil an-eolas aige ar luibheanna atá le fáil go fairsing in Éirinn. Taispeánfaidh sé do Shíle le deoch a dhéanamh as neantóga atá go maith ag an bhfuil. Casfaidh sí leis an luibhlia Vivienne Campbell a thaispeánfaidh di le huachtar a dhéanamh as naprún Phádraig. As sin léi ar cuairt chuig Sean Boylan, an cúigiú glúin de luibhlianna.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL17)
Sraith ghrinn drámaíochta. Tá na socruithe sochraide atá le déanamh ag Luke dá uncail Louie ag cur isteach go mór air. Ní raibh mórán measa ag muintir Stars Hollow riamh air. Téann Lorelai agus Rory ag obair i gcaifé Luke - gan mórán cúnaimh ó Jess. Tá moltaí áiféiseacha Emily do bhainis Sookie agus Jackson ag cur isteach go mór ar gach duine.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL2)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL7)
Dúisíonn an Béar in am don earrach. Casann sé le béar baineann álainn san fhoraois.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL8)
Cé go bhfuil an Béar ag iarraidh a bheith ag iascaireacht, tá Masha ag iarraidh a bheith ag spraoi.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL15)
Caithfidh Catboy éisteacht lena chuid cairde anocht cé nach bhfuil sé ag iarraidh éisteacht leo.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL23)
Níl suaimhneas ar bith ag na dobhareacha agus iad ag ithe. An mbeidh Wissper in ann teacht i gcabhair orthu?

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL38)
Tugann Jeaicín agus Mús cúnamh do Learaí an Lománaí scannán a thaifeadadh do Lá na Máithreacha.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL4)
Tá Sailí ag iarraidh sliogán cosúil leis an gceann atá ag Nic. Tugann an Cat chuig an trá iad áit a gcasann siad le Féilim, faocha ghliomaigh atá ag cuardach sliogáin nua freisin.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
15:57
(S2/CL9)
Tá Jeanette ag iarraidh scannán a thaifeadadh do chomórtas scoile agus tá sí ag iarraidh go mbeidh an príomhpháirt ag Dáithí.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL46)
Is é féin a bhíonn siar leis nuair a fhéachann Dónall lena chuid jabanna a sheachaint.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL26)
Cuireann sé olc ar Nathan nuair a deir an Dochtúir Whipple nach féidir le daoine cumhacht a bheith acu ar aislingí dhaoine eile.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL42)
An mbeidh Winston sách foighneach le héisteacht le Cutty nuair a thugann sé na buachaillí ar thuras staire?

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL15)
Tá Dibby ag iarraidh a bheith ina laoch cosúil le Fangbone agus Bill. Goideann sé an ladhar le go mbeidh cumhacht aige féin.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL44)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Alice agus Shea aghaidh ar Chaoimhe agus ar Eilís.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL50)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Irish Paint Magic
Irish Paint Magic
17:30
(S19/CL4)
Loch Goir, sa Bhrú i gContae Luimnigh is ábhar don chlár seo, ceantar ársa a raibh daoine lonnaithe ann sular tháinig na Ceiltigh go hÉireann.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL2)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL59)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)
Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)
19:30
(S1/CL2)
Sraith nua turasóireachta a fhiosróidh áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Á chur i láthair ag Sinéad Ní Uallacháin agus Osgur Ó Ciardha. Rachaidh Sinéad agus Osgur ó cheann ceann na tíre chun teacht ar áiteanna nua turasóireachta agus le comhairle a thabhairt ar bhealaí a bhféadfaí taithí an chuairteora a fheabhsú. An tseachtain seo rachaidh Osgur chuig Inis Cathaigh i gCo. an Chláir agus bainfidh sé triail as aoireacht caorach i gCo. Chill Mhantáin. Fiosróidh Sinéad trinse ón gCéad Chogadh Domhanda i gCo. an Chabháin agus rachaidh sí ó thuaidh go Winterfell ansin.

Snáithe (OS & TS)
Snáithe (OS & TS)
20:30
(S1/CL3)
Sraith ina ndéantar stair dhearadh faisin na hÉireann a scrúdú trí shúile dearthóirí comhaimseartha, saineolaithe agus staraithe faisin. Déanfaidh Ciara O'Doherty, téamaí ar nós féiniúlacht, traidisiún, pátrúnacht agus tuiscint a fhiosrú agus gheobhaidh amach faoin mbaint atá ag tírdhreach, cultúr agus teicstílí na hÉireann leis na baill éadaí a chruthaíonn dearthóirí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Fiosróidh Ciara an t-athrú atá tagtha ar an traidisiún a bhain le héadaí an Domhnaigh agus an bhfuil tionchar ag sochaí atá ag athrú ar an éadach a chaitheann muintir na hÉireann ar an Domhnach.

Siar an Bóthar (OS)
Siar an Bóthar (OS)
21:00
(S12/CL11)
Ar an gclár seo beidh mír againn a taifeadadh Tigh Neachtain i 1990. Beidh ceoltóirí agus damhsóirí as gach cearn den tír ar an gclár - Pádraig Ó Carra ar an zither agus casfaidh Deirbhle Ní Bhrocháin Fallaingín Mhuimhneach.

Laochra Gael (OS & TS)
Laochra Gael (OS & TS)
21:30
(S16/CL1)
Lar Corbett Thiobraid Árann laoch Gael na seachtaine seo. Is iomaí uair a cuireadh saol spóirt Lar Corbett i gcosúlacht leis an Tour de France, é thuas seal, thíos seal go minic. Ach nuair a bhí sé i mbarr a réime, ní raibh imreoir ar bith chomh géarchúiseach ná chomh cumasach le Lar Corbett. Bhí baint aige le roinnt den imirt is fearr dá bhfacthas ar pháirc na himeartha san iomáint riamh.

Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
22:30
(S33/CL8)
Rachaidh na hiomaitheoirí i gcomórtas lena chéile chun chéad díolúine na sraithe a bhuachan. Aimsíonn iomaitheoir amháin rud éigin a bheidh chun a leasa féin sa chluiche agus ní bhíonn ocras ar iomaitheoir eile mar go raibh sé ag cur bia i bhfolach dó féin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:23
(S22/CL59)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Cotton Mill  Ar Stáitse
Cotton Mill Ar Stáitse
23:25
(S3/CL8)
Ceolchoirm de chuid Cotton Mill a taifeadadh i 1976. Casfaidh siad 'Duelling Banjo's', 'Thank God I'm A Country Boy' agus 'The Orange Blossom Special'.

Scór Encore (OS)
Scór Encore (OS)
23:55
(S1/CL8)
Beidh iomaitheoirí as Liatroim, an Longfort, Ard Mhacha, Corcaigh, Maigh Eo, Tír Eoghain, Doire agus Dún na nGall ar stáitse agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach sa bhabhta ceathrú ceannais.

Dáil Éireann
Dáil Éireann
00:55
(S18/CL39)
Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

France 24
France 24
01:20
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Céadaoin, Feabhra 28, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith