Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Sathairn, Feabhra 03, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4
Cúla 4
07:00
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Cat Cliste
Cat Cliste
07:02
(S1/CL59)
Dreapann an Cat Cliste crann chun a eitleog a fháil ar ais.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
07:15
(S1/CL23)
Faigheann Mús agus Jeaicín post sa sorcas agus taitníonn siad thar cionn leis an lucht féachana!

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:22
(S1/CL46)
Tagann seanchara le Eamonn, a bhíodh ina spiaire fadó, ar cuairt. Deir sí gur duine deas anois í ach ní mar a shíltear a bhítear.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:33
(S1/CL47)
Nuair a bhaintear ga as Gráinne, iompaíonn sí isteach ina beach fíochmhar.

Angelo Rules (GS)
Angelo Rules (GS)
07:45
(S3/CL29)
Tá spéaclaí an mhúinteora goidte ag Tracy agus iad curtha i dtaisceadán Angelo.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
08:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:02
(S3/CL27)
Tá Pocoyo, Elly agus Pato ag gléasadh suas.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:08
(S3/CL28)
Tá Pocoyo ag spraoi le bosca draíochta.

Eolaíocht le Bert
Eolaíocht le Bert
08:15
(S1/CL10)
Inniu déanfaidh Bert turgnamh a bhaineann le cumhacht na gaoithe.

Elmo Anseo
Elmo Anseo
08:20
(S1/CL13)
Inniu foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi bhialanna.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:25
(S3/CL24)
Inseoidh Masha scéal faoin Rí gránna atá in éad le feirmeoir bocht mar go bhfuil sé ag iarraidh a bhean chéile a phósadh.

Saol Faoi Shráid (GS)
Saol Faoi Shráid (GS)
08:30
(S1/CL19)
Briseann Ribín druma Dhris trí thimpiste. An féidir leo an ceol céanna a bhaint as rud éigin eile? Agus an féidir é a dhéanamh in am don cheolchoirm mhór?

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:42
(S1/CL24)
Tagann gaolta leis an mbéar ar cuairt. Réitíonn siad bia Síneach ach is gearr go mbíonn Masha sa bhealach orthu.

Zou
Zou
08:49
(S2/CL24)
Tá rás bád ag Zou agus ag Zinnia inniu, ach meas tú cé a bhuafaidh?

Zack & Quack
Zack & Quack
09:00
(S2/CL1)
Tá Zack agus Quack i bpreab-dhomhan aisteach agus tá banríon chantalach ann.

Loopdidoo
Loopdidoo
09:11
(S5/CL7)
Imíonn na Dreancaidí as tigh Loopdidoo agus bogann isteach tigh Gladys agus ní mó ná sásta atá sí faoi.

Maya an Bheachín
Maya an Bheachín
09:18
(S1/CL36)
Níl Max in ann codladh mar go bhfuil torann aisteach ag cur as dó.

Wissper
Wissper
09:30
(S1/CL7)
Casann Wissper le órang-útan le lámha fada. Tá an ghráin ag an órang-útan ar a chuid lámh.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:37
(S1/CL20)
Tugtar cuireadh do Nic, Sailí agus Cat chuig turas seilidí.

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
09:50
(S2/CL1)
Tagann na hioraí talún ar mhadra agus beartaíonn siad an madra a choinneáil. Ach an éireoidh leo an madra a choinneáil i ngan fhios do Dháithí?

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
10:05
(S2/CL18)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga sa chathair an tráthnóna.

Naíonáin an Zú (OS)
Naíonáin an Zú (OS)
10:35
(S2/CL10)
Sraith faoin saol mar atá sé ag ainmhithe nuabheirthe i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Bíonn neart le foghlaim ag na hainmhithe gach lá sa zú. An fearr a bheith ag imeacht ar dhá chos nó ar cheithre cinn? Agus tá go leor le foghlaim faoin saol mór amuigh faoin spéir ag an madra pluaise seilge as Meiriceá Theas.

GAA 2018
GAA 2018
11:05
(S18/CL1)
Buaicphointí ón gcéad bhabhta de Shraitheanna Peile agus Iomána Allianz. I measc na gcluichí beidh an Clár v Tiobraid Árann, Ciarraí v Dún na nGall, Áth Cliath v Uíbh Fháilí, Áth Cliath v Cill Dara, Corcaigh v Tiobraid Árann agus Corcaigh v Cill Chainnigh.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
12:05
(S5/CL21)
Tá deirfiúr Curtis Willard imithe óna fear céile le go mbeidh sí in ann díriú ar a cuid ceoil. Nuair a thugann sí cuairt ar Curtis titeann Jason i ngrá léi.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
13:05
(S5/CL22)
Tá Mamó san ospidéal agus tá Daideo ag iarraidh í a thabhairt abhaile. Níl aon chead aige í a fheiceáil san ospidéal mar go dteastaíonn sos uaithi.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:05
(S8/CL4)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
14:57
(S21/CL29)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL7)
Dúisíonn an Béar in am don earrach. Casann sé le béar baineann álainn san fhoraois.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:10
(S1/CL8)
Cé go bhfuil an Béar ag iarraidh a bheith ag iascaireacht, tá Masha ag iarraidh a bheith ag spraoi.

PJ Masks
PJ Masks
15:18
(S1/CL44)
Ní ghlacfaidh Gekko freagracht as a chuid botún anocht.

PJ Masks
PJ Masks
15:31
(S1/CL45)
Níl Owlette ag glacadh le comhairle a cairde anocht.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:43
(S1/CL44)
Tá Sailí agus Nic ag dul ar eachtra, ach cén chaoi a rachaidh siad ann?

Cúla 4
Cúla 4
16:00
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
16:01
(S1/CL42)
Tá gasúir na scoile ar fad thar a bheith tógtha leis na madraí samhailteacha atá ar na fóin póca acu. Ach nuair a ghoidtear na fóin cuirtear an milleán ar Alvin. Féachann Alvin le teacht ar an ngadaí ceart.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
16:12
(S1/CL48)
Gabhann Troll na bhFiacal Scuaid.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:23
(S4/CL7)
Féachann an Dochtúir Whipple agus a chuid fear le fáil réidh le Jon, Odie agus Garfield mar Shirriamaí agus Teachtaí, ach tá a chuid trioblóidí féin ag Garfield sa bhialann áitiúil.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:35
(S1/CL35)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Brogan agus Callum aghaidh ar Calia agus ar Adam.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
17:05
(S1/CL36)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Caoimhe agus Lisa aghaidh ar Pippa agus ar Liam.

Is Eolaí Mé (GS)
Is Eolaí Mé (GS)
17:35
(S1/CL10)
Solas agus mar a ghintear é is ábhar do chlár an lae inniu. Tabharfaidh Peadar cuairt ar theach solais Inis Oírr. Beidh Fiach Ó Coistealbha and Mac Ó Brian sa stiúideo le sláthach fluaraiseach a dhéanamh. Tabharfaidh Úna cuairt ar W5 i mBéal Feirste agus beidh an tOllamh Ullamh agus Aodh fágtha sa dorchadas!

Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
18:05
(S33/CL4)
Rachaidh na Mílaoisigh agus Glúin X san iomaíocht sa chéad dúshlán den tsraith. Tá beirt iomaitheoirí ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar dhaoine a chuir an dallach dubh orthu.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL34)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Stailc 1913 (OS & TS)
Stailc 1913 (OS & TS)
19:15
 
Scrúdaíonn Des Geraghty Stailc 1913 a ndearnadh comóradh céad bliain uirthi cúig bliana ó shin. Féachann an clár faisnéise seo ar na daoine agus ar na himeachtaí a bhí mar dhlúthchuid sa stailc seo. Bhí an iliomad troda ar shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn na stailce, rud atá le brath fós go sóisialta agus go polaitiúil sa lá atá inniu ann.

Glór Tíre (OS & TS)
Glór Tíre (OS & TS)
20:15
(S14/CL4)
Sraith nua eile de Ghlór Tíre. Beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus Phádraic Ó Neachtain agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jó Ní Chéide a bheidh ag moltóireacht. Mike Denver a bheidh ag casadh ar stáitse Ghlór Tíre an tseachtain seo. Cuirfidh Mike a iomaitheoir féin in aithne dúinn freisin, Colin Fahy. Seo a leanas sonraí vótála Colin: Glór 3: 1513 415 103 / Glor3 to 53307 Glór 3: 0901 6566 103 / Glor3 to 60999.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
21:15
(S22/CL34)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Scannán: The Butcher's Wife (TS)
Scannán: The Butcher's Wife (TS)
21:20
 
(1991, Scannán grinn) Demi Moore agus Jeff Daniels na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Terry Hughes. Measann bean go bhfuil an fear ceart aimsithe aici mar go raibh sé á fheiceáil di ina cuid brionglóidí. Pósann siad agus filleann ar áit dhúchais an fhir sa chathair. Ach ní bhíonn sé i bhfad go gcastar an fear ceart uirthi!

Mr. Robot (TS)
Mr. Robot (TS)
23:15
(S2/CL11)
Tá Dom ag iarraidh an eachtra lámhaigh a fhiosrú. Síleann sé gurbh iad an tArm Dubh a bhí ina bhun. Ach deirtear leis nach bhfuil an rialtas ag iarraidh cur as don tSín mar gur thug siad iasacht $2 trilliún dollar dóibh. Úsáideann Philip Price an t-airgead tarrthála chun Ecoin a láidriú agus caithfidh an rialtas tacaíocht a thabhairt dó le coinneáil suas leis an tSín agus chun earnáil na baincéireachta a chur ar a cosa arís. Is cosúil go bhfuil cailín á coinneáil in aghaidh a tola ag Whiterose.

Mr. Robot (TS)
Mr. Robot (TS)
00:10
(S2/CL12)
Tugann Elliot Tyrell chuig an áit a bhfuil an Evil Corp ag bailiú an pháipéarachais ar fad. Insíonn Tyrell d'Elliot faoin méid a tharlóidh i gcéim a 2. Ceistíonn an FBI Darlene tar éis ionsaí an Airm Dhuibh. Taispeánann Dom di go bhfuil sí lárnach i bhfiosrúchán an FBI. Tá Elliot cinnte nach bhfuil a leithéid de dhuine ann agus Tyrell agus féachann sé leis an haiceáil dochtearraí a chur ó mhaith. Caitheann Tyrell Elliot ansin le gunna a goideadh ó Darlene.

Céard sa Diabhal! (OS & TS)
Céard sa Diabhal! (OS & TS)
01:05
(S1/CL25)
Clár ar a mbeidh na hiarrachtaí spóirt is seafóidí agus na pleidhcí is mó ann le feiceáil. Beirt fhear ag troid agus iad ar ghluaisrothar ina measc.

Ceol ar an Imeall (OS)
Ceol ar an Imeall (OS)
01:35
(S5/CL4)
Beidh The Cabin Collective agus Kid Karate ag ceol beo sa stiúideo dúinn. Banna ceoil rac tíre iad The Cabin Collective a bunaíodh i dTuaim, Co. na Gaillimhe in 2013. Thugadar an t-ainm sin orthu féin i ndiaidh an teachín beag a mbíonn siad ag cleachtadh ann. Banna rac-cheoil iad Kid Karate as Baile Átha Cliath. Beirt atá sa mbanna seo - Kevin Breen agus Steven Gannon. Casfaidh Una Mullally le Chelsea Wolfe, amhránaí as Meiriceá a bhfuil cáil uirthi de bharr an stíl ceoil as an ngnáth atá aici.

France 24
France 24
02:05
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Sathairn, Feabhra 03, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith