Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Domhnaigh, Feabhra 04, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4
Cúla 4
07:00
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Cat Cliste
Cat Cliste
07:02
(S1/CL60)
Inseoidh Geonaíl scéal faoin bplanda a itheann feithidí.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
07:15
(S1/CL24)
Féachann Mús agus Jeaicín le fáil réidh leis na taibhsí atá i dteach an Mhéara.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:22
(S1/CL49)
Féachann Bricín Rua le gníomhas an bhaile a ghoid.

Camp Lakebottom
Camp Lakebottom
07:33
(S1/CL50)
Déantar zombaí de Shlisín.

Angelo Rules (GS)
Angelo Rules (GS)
07:45
(S3/CL30)
Féachann Angelo agus Lola le cúnamh a thabhairt do Lámhaí Leitean teacht ar an rud a bhfuil sé go maith aige.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
08:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:02
(S3/CL29)
Tá Pocoyo agus a chairde ag ligean orthu féin go bhfuil siad ag obair i mbialann.

Seo Linn Pocoyo
Seo Linn Pocoyo
08:08
(S3/CL30)
Tá sé in am éirí ach tá Pocoyo ag iarraidh fanacht ina chodladh.

Eolaíocht le Bert
Eolaíocht le Bert
08:15
(S1/CL11)
Inniu déanfaidh Bert turgnamh a bhaineann le himoibriú slabhrúil.

Elmo Anseo
Elmo Anseo
08:20
(S1/CL14)
Inniu foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi dhathanna.

Scéalta le Masha
Scéalta le Masha
08:25
(S3/CL25)
Inseoidh Masha scéal faoi choileach glic a chuir an ruaig ar ghabhar gránna as an mbaile.

Bia Linn (TS)
Bia Linn (TS)
08:30
(S2/CL4)
Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Ronnaigh a bheidh Muireann a réiteach inniu.

Woozle & Pip
Woozle & Pip
08:44
(S1/CL4)
Foghlaimeoidh na cairde faoi réaltaí agus réaltbhuíonta.

Zou
Zou
08:49
(S2/CL25)
Féachann Zou lena bhrístí nua a choinneáil glan don ghrianghraf teaghlaigh atá le tógáil ar ball. Ach an éireoidh leis?

Zack & Quack
Zack & Quack
09:00
(S2/CL2)
Tá Kira ar a bealach chuig comórtas ach tá a trealamh fágtha ina diaidh aici! Téann Zack agus Quack ina diaidh.

Loopdidoo
Loopdidoo
09:11
(S5/CL8)
Tá tráth na gceist boird ar siúl idir na gasúir agus na hainmhithe ach níl rudaí mar ba cheart dóibh a bheith.

Maya an Bheachín
Maya an Bheachín
09:18
(S1/CL37)
Casann Maya agus Willy le foiche atá difriúil ó na foichí eile.. Tá sé i ngrá le Beatrice.

Wissper
Wissper
09:30
(S1/CL8)
Tá Ruadhán an Rón ag iarraidh damhsa ach ní féidir leis mar gheall nach bhfuil cosa aige. An mbeidh Wissper in ann cúnamh a thabhairt dó?

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:37
(S1/CL21)
Tá Sailí agus Nic ag ligean orthu féin go bhfuil siad ag eitilt. Nach mbeadh sé iontach dá mbeidís in ann eitilt ar nós na n-éan?

Alvinnn !!! & the Chipmunks
Alvinnn !!! & the Chipmunks
09:50
(S2/CL2)
Caithfidh Theodore aire a thabhairt d'ubh dragúin. Cé nach gcreideann Alvin agus Simon gur ubh dragúin cheart atá ann, cuireann Dáithí iallach orthu cúnamh a thabhairt do Theodore.

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
10:05
(S2/CL12)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga sa zú an tráthnóna.

Naíonáin an Zú (OS)
Naíonáin an Zú (OS)
10:35
(S2/CL9)
Sraith faoin saol mar atá sé ag ainmhithe nuabheirthe i zú nua-aimseartha i mBeirlín na Gearmáine. Ní bhíonn an saol éasca ag na hainmhithe óga go háirithe ainmhithe atá á dtógáil ag ainmhí eile seachas a mianach féin. Tá an t-órang-útan óg millte agus faigheann an ceann is fearr ar a mhuintir.

Timpeall na Tíre (OS)
Timpeall na Tíre (OS)
11:05
(S16/CL4)
Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

Rawhide
Rawhide
11:35
(S8/CL211)
Ceannaíonn an criú 200 bó le seoladh ó thuaidh le go mbeidh brabach acu féin orthu.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
12:35
(S5/CL23)
Tá duine muinteartha le muintir Baldwin tagtha ar cuairt. Tá John-Boy ag iarraidh agallaimh a chur uirthi faoi chúrsaí san Eoraip ach tá sise ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar gach a tharla ann. Liostálann Jason sa Gharda Náisiúnta agus cuireann sé sin as do Olivia.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
13:25
(S21/CL30)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

GAA Beo: Sraith Allianz
GAA Beo: Sraith Allianz
13:30
 
Craoladh beo ar Loch Garman v Corcaigh ar Pháirc Loch Garman agus craoladh iarbheo ar Dhún na nGall v Gaillimh as Leitir Ceanainn agus Cill Chainnigh v an Clár ar Pháirc Uí Nualláin sa dara babhta de Shraitheanna Peile agus Iomána Allianz. Buaicphointí na gcluichí a imríodh tráthnóna Dé Sathairn freisin, Tiobraid Árann v Port Láirge, Maigh Eo v Ciarraí agus Tír Eoghain v Áth Cliath. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus is é Brian Tyers a bheidh i mbun tráchtaireachta.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
19:12
(S22/CL35)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:15
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)
Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)
19:30
(S21/CL22)
Tá a fhios ag Bobbi Lee faoi Berni agus Briain. Tá a fhios aici freisin gurb é Pádraig athair Sam agus tá sí ag baint an-sásaimh as. Tagann Colm ar thástáil le haghaidh toirchis Mo agus tá sé cinnte gurb é sin an fáth a bhfuil sí chomh holc na laethanta seo. Ceapann Pádraig go gcaithfidh sé a bheith dian ar Sam le go mbeidh meas ag Sam air ach ní fada go n-insíonn Sam dó gur fearr a bheith ionraic agus a bheith le trust. Ceapann Frances go bhfuil Tadhg le teacht ar ais abhaile nuair a thagann ceantálaí ag breathnú ar an teach tábhairne ach ní mar a shíltear a bhítear faraor.

Taithí gan Teorainn (OS & TS)
Taithí gan Teorainn (OS & TS)
20:30
(S1/CL4)
Rachaidh beirt bhan a bhfuil an-suim i bhfaisean acu - Siobhán Heffernan, 20, as Baile Átha Cliath agus Aoife Nic an tSaoir, 29, as Béal Feirste - chuig an gCambóid le léargas a fháil ar na coinníollacha oibre a bhaineann le bheith ag obair sa tionscal ansin. Caithfidh siad an chéad dhá lá ag obair i monarcha i Phnom Penh. Monarchana iad seo a fhaigheann obair ar conradh ó na monarchana móra dúshaothair. Caithfidh siad lá eile i gceardlann Tonlé, branda faisin as Meiriceá, a bhaineann leas as an éadach a chaitheann na monarchana móra amach le héadaí thar a bheith faiseanta a dhéanamh as.

Gradam Ceoil TG4 2018
Gradam Ceoil TG4 2018
21:30
 
Gradam Ceoil TG4 2018 beo as Halla Waterfront i mBéal Feirste. Beidh plúr na gceoltóirí traidisiúnta ó gach cearn den domhan le chéile don cheiliúradh den chéad scoth seo. Ina measc Frankie Gavin agus De Danann, Pádraigín Ní Úallacháin agus The Voice Squad agus The Friel Sisters. Á chur i láthair ag Páidí Ó Lionáird agus Gráinne McElwain.

Sé Mo Laoch (OS)
Sé Mo Laoch (OS)
23:45
(S7/CL5)
An píobaire, amhránaí, scríbhneoir, file, údar agus beathaisnéisí 'An Riadach', léachtóir agus bunaitheoir an bhanna ceoil 'Na Filí', Tomás Ó Canainn a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Tá sé ina chónaí i gCorcaigh le fada an lá agus bíonn sé ag múineadh i UCC. Cainteoir Gaeilge é agus tá Gaeltacht bheag bunaithe aige féin agus ag a bhean i nGleann Maghair.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:15
(S22/CL35)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Islands of the Future (OS & TS)
Islands of the Future (OS & TS)
00:20
(S1/CL2)
Sraith a léiríonn mar atá oileáin amach ó chósta na Spáinne, na hAlban agus ó thíortha eile san Eoraip ag dul i ngleic le cúrsaí fuinnimh. Mar atá an Íoslainn ag glacadh le hidreachumhacht bholcánach agus fuinneamh geoiteirmeach chun an chuid is mó dá cumhacht leictreachais a ghiniúint a bheidh á phlé sa chlár seo.

France 24
France 24
01:25
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Domhnaigh, Feabhra 04, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith