Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Luain, Feabhra 05, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL50)
Nuair a chuirtear an seó a bhí Olivia ag iarraidh a fheiceáil ar ceal cuireann sí féin seó scátála ar oighear ar siúl.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL46)
Ní féidir leis na daoine ceol a sheinm mar go bhfuil na boscaí ceoil goidte ag na dineasáir.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL33)
Tá Comet ag ceapadh go mbeidh sé féin agus a chairde in ann flóta a dhéanamh. Meas tú an bhfuil an ceart aige?

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL34)
Tá Radar ag fanacht thar oíche i dteach eile den chéad uair ach tá faitíos air go mbeidh an oíche fada.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL49)
Caitheann Olly an lá ag obair sa pháirc spraoi ach ní thaitníonn a phost nua leis.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL50)
Caithfidh Olly bia a thabhairt do na custaiméirí chomh tapa agus is féidir.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL17)
Caithfear na huirlisí ceoil ar fad a thabhairt chuig an scoil don cheolchoirm ach tá an bus a bhfuil na huirlisí uirthi imithe amú.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL27)
Is breá le Buzz a bheith ag tabhairt cúnamh do Tom ar an bhfeirm.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL11)
Tá an lá an-fhliuch. An mbeidh na hainmhithe ar fad tirim istigh sa scioból?

Dot
Dot
08:45
(S1/CL21)
Caithfidh Hal cleachtadh a dhéanamh ar a chuid gailf.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S1/CL25)
Taispeánann Béar cleasa draíochta do Masha.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL26)
Caithfidh Messy agus a chairde cúnamh a thabhairt don fhathach lena bhreithlá a cheiliúradh.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL34)
Níl crann mailpe Shailí ag fás go maith. Tugann an Cat na gasúir chuig Dochtúir Mac Cipín le fáil amach cén fáth.

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
09:30
(S2/CL13)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga atá san uisce an mhaidin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S7/CL10)
Ní mó ná sásta atá Elizabeth go bhfuil fear a bhí mór lena seanmháthair fadó ag smúrthacht thart arís. Ní fuisce baile atá á tháirgeadh ag Yancy anois ach breosla.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S7/CL11)
Cuireann an t-ionsaí ar Chuan Pearl isteach go mór ar mhuintir Walton, go mór mór Mary Ellen, mar go bhfuil a fear céile, ar dochtúir é, lonnaithe i Haváí agus bhí sí ar tí dul anonn aige.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL27)
Sraith cócaireachta. Bia Ghleann Barossa a bheidh faoi chaibidil ag Maggie agus Simon inniu. Tá 36 bliain caite ag Maggie ina cónaí sa Ghleann, ceantar a raibh tionchar mór ag lonnaitheoirí as an bPrúis air agus a bhfuil a shliocht air fós.

Dallamullóg (OS & TS)
Dallamullóg (OS & TS)
12:30
(S1/CL5)
Tabharfaidh an t-ealaíontóir, Ceara Conway, cúnamh don leictreoir Pól Ó Gallchóir as Dún na nGall píosa ealaíne a dhéanamh. Beidh air píosa ealaíne a chruthú do chlub iascaireachta sa Chlochán Liath ach an grúpa a bheidh ag íoc as an bpíosa ealaíne a thabharfaidh breithiúnas air.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S1/CL21)
Sraith ghrinn drámaíochta. Insíonn Rory sa deireadh do Dean go bhfuil sí i ngrá leis. Tá a fhios ag Rachel go bhfuil suim ag Lorelai agus ag Luke ina chéile agus imíonn sí. Síleann Max an rud céanna ach deir Lorelai leis nach bhfuil dada idir í féin agus Luke. Iarrann sé ansin uirthi é a phósadh.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL5)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S1/CL25)
Taispeánann Béar cleasa draíochta do Masha.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S1/CL26)
Féachann an Béar le pictiúir a chrochadh ar an mballa, ach is gearr go mbíonn pléasc mhór ann.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL46)
Tá gach duine agus gach rud ag imeacht go mall inniu a bhuíochas do Romeo.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL13)
Ní cosúil go bhfuil Odi an giobaire sásta lena chara Gearóidín an sioráf - is cosúil nach dteastaíonn mórán codlata ó shioráif ach teastaíonn go leor codlata ó ghiobairí.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL21)
Tá Mús agus Jeaicín ag iarraidh leabhar a fhoilsiú ach níl aon chaoi ar an bhfoilsitheoir atá acu.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL45)
Cé go bhfuil neart cleachtadh á dhéanamh acu, níl Nic ná Sailí fós in ann aer-rothlú.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL43)
Bhí an-díomá ar na hioraí talún nuair a chaill said cluiche sacair na bliana seo caite agus tá said in árach a chéile anois faoi cé a cheart a bheith i gceannas orthu le go mbuafaidh said cluiche na bliana seo.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL9)
Tá Dónall ag iarraidh na rudaí céanna atá a chol ceathar a iarraidh le haghaidh na Nollag, ach cén chaoi a ndéanfaidh sé cinnte go bhfaighidh sé an rud atá uaidh?

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL8)
Buann Garfield comórtas ithe in aghaidh Bruno. Ach tá níos mó trioblóide amach roimhe.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL32)
Nuair a bhíonn amhras ar ridire eile nach ridire ceart é Dudley Ding Dong, bíonn air a chumas a chruthú.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL5)
Tá gach cineál trófaí catha buaite ag Fangbone, ach níl uaidh anois ach beithíoch cogaidh amháin - an Basctoirní.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL37)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Jade agus Cáitlín aghaidh ar Brady agus ar Elis.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL31)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

The Foster & Allen Show
The Foster & Allen Show
17:30
(S3/CL9)
Sraith eile ceoil agus siamsaíochta i dteannta Mick Foster agus Tony Allen. Beidh na físeáin do na hamhráin "The Happiness Of Having You" agus "The Old Bog Road", a taifeadadh ag Teach Mearescourt sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí ar an gclár seo. Feicfimid Mick agus Tony agus iad ag taisteal ar fud na hAstráile dá meascra amhrán Mornington Ride/Call Her Your Sweetheart/I Remember You chomh maith.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL5)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL36)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Laochra Gael (OS & TS)
Laochra Gael (OS & TS)
19:30
(S12/CL5)
Larry Tompkins, fear as Cill Dara ach a d'imir peil do Chorcaigh a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Imreoir díograiseach a bhí i Larry agus bhuaigh sé Craobh na hÉireann faoi dhó ar fhoireann Chorcaí. Ba é captaen na foirne é nuair a bhuaigh siad i 1990. Chaith sé seal ina dhiaidh sin ina bhainisteoir ar Chorcaigh tráth ar éirigh leo Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach i 1999. I measc na ndaoine a chuirfear faoi agallamh beidh Niall Cahalane, Sean Boylan agus Eamonn Ryan.

GAA 2018
GAA 2018
20:00
(S18/CL2)
Buaicphointí ón dara babhta de Shraitheanna Peile agus Iomána Allianz. I measc na gcluichí beidh Loch Garman v Corcaigh, Dún na nGall v Gaillimh, Cill Chainnigh v an Clár, Tiobraid Árann v Port Láirge, Maigh Eo v Ciarraí agus Tír Eoghain v Áth Cliath.

A Little Bit Showband
A Little Bit Showband
21:00
(S2/CL1)
Clár faisnéise faoin drumadóir as Corcaigh Joe Mac ón mbanna Dixies Showband. Ní hamháin go mbíodh sé ag drumadóireacht sa bhanna ach bhíodh sé ag gabháil fhoinn freisin ann. Chuir cleasaíocht agus acmhainn grinn Joe go mór le seónna na Dixies sna hallaí rince. Cé gur chaith Joe saol maith bhain tubaistí móra dó freisin faraor.

Scannán: Zoolander 2 (TS)
Scannán: Zoolander 2 (TS)
21:30
 
(2016, Scannán grinn) Ben Stiller, Owen Wilson agus Penélope Cruz na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Ben Stiller. Mealltar Derek agus Hansel ar ais arís chuig saol na mainicíneachta sa Róimh ach is cosúil gur cleas gránna atá ann.

Wwoofáil (OS)
Wwoofáil (OS)
23:15
(S1/CL4)
Tabharfaidh Mairéad agus Conall a n-aghaidh ar 'Fheirm an Fhidléara' sa tSualainn an tseachtain seo. Tá cónaí ar Mhuintir Carr, ceoltóirí cáiliúla, ar an bhfeirm seo. I measc na ndualgas beidh orthu aire a thabhairt do Chapaill Íoslannacha agus a bheith páirteach i gceol agus i ndamhsa traidisiúnta an cheantair. Rachaidh siad ag spaisteoireacht in Angelholm, baile atá gar dóibh, ar a lá saoire, áit a bhfreastalóidh siad ar theach allais Sualannach.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:45
(S22/CL36)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
23:50
(S7/CL13)
Tá Caroline i mbaol báis de bharr an toirchis. Féachann Stefan agus Valerie le Caroline agus na páistí a thabhairt slán. Faigheann Enzo eolas ar Damon agus bagraíonn go sceithfidh sé a rún mura dtabharfaidh sé cúnamh dó Rayna Cruz, sealgaire vaimpírí, a aimsiú.

The Vampire Diaries (TS)
The Vampire Diaries (TS)
00:40
(S7/CL14)
Téann Stefan go New Orleans le súil is go leanfaidh an sealgaire vaimpírí Rayna Cruz é i bhfad óna chairde i Mystic Falls. Tá plean ag Enzo, atá ag obair don eagraíocht The Armory, a d'fhéadfadh Stefan a chosaint ó Rayna. Téann Caroline in éineacht le Alaric agus leis an gcúpla go Dallas.

France 24
France 24
01:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Luain, Feabhra 05, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith