Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Máirt, Feabhra 06, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL1)
Ceapann Olivia go bhfuil sí go maith ar an bpianó ach síleann an múinteoir go dteastaíonn tuilleadh cleachtaidh uaithi.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL47)
Imíonn Flinn agus a chriú den mhapa agus cé a aimsíonn siad ach na foghlaithe dineasár.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL35)
Tugann Comet Feithid-óin, atá an-chosúil le feithidí, isteach sa chaifé nuair atá cigire ag teacht. Tá imní ar gach duine faoi ar ndóigh.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL36)
Tá péitseog mhór mhillteach ag fás ar chrann péitseog Sputnik. Ach nuair a théann an phéitseog ar iarraidh bíonn sí cinnte gur ghoid duine éigin í.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S1/CL51)
Tabharfaidh Olly ceacht tiomána d'Alice sula ndéanfaidh sí an scrúdú tiomána.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S1/CL52)
Tabharfaidh Olly cúnamh do Willie sa zú ag tabhairt aire d'Alfie an eilifint.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL18)
Tá slaitín draíochta na sióige maithe briste agus caithfidh Dora agus Bróigín é a dheisiú.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL28)
Téann Tom i mullach na liathróide i gcluiche tábhachtach peile. Caithfidh sé liathróid nua a fháil go beo!

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL12)
Tá fail ar Streak bocht. Cén chaoi a bhfaighidh sé réidh leo?

Dot
Dot
08:45
(S1/CL22)
Tá Dot agus a cuid cairde chun roicéad an duine a dhéanamh.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S1/CL26)
Féachann an Béar le pictiúir a chrochadh ar an mballa, ach is gearr go mbíonn pléasc mhór ann.

Peg & Cat
Peg & Cat
09:03
(S3/CL9)
Rachaidh Peg agus Cat in iomaíocht le foireann ó champa samhraidh eile inniu.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL35)
Bíonn Nic agus Sailí ag spraoi sa bhaile nuair a thagann an Cat agus tugann sé ar eachtra cheart iad!

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
09:30
(S2/CL14)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga a bhíonn san uisce an tráthnóna.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S7/CL12)
Titeann Elizabeth i ngrá leis an oirmhinneach nua. Tugann Erin cúnamh do dheirfiúracha Baldwin a gcuid cuimhní cinn a chur le chéile.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S7/CL13)
Fágann Ben an muileann agus cuireann tús lena ghnó féin. Tá Yancy Tucker ag freastal ar chúrsa comhfhreagrais le bheith ina bhearbóir.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL28)
Sraith cócaireachta. Cócaireacht mhall agus ar na seanbhealaí a bheidh faoi chaibidil ag Maggie agus ag Simon inniu. Ullmhóidh siad biachlár a bheadh go hálainn lá fuar geimhridh.

Laochra Gael (OS & TS)
Laochra Gael (OS & TS)
12:30
(S12/CL5)
Larry Tompkins, fear as Cill Dara ach a d'imir peil do Chorcaigh a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Imreoir díograiseach a bhí i Larry agus bhuaigh sé Craobh na hÉireann faoi dhó ar fhoireann Chorcaí. Ba é captaen na foirne é nuair a bhuaigh siad i 1990. Chaith sé seal ina dhiaidh sin ina bhainisteoir ar Chorcaigh tráth ar éirigh leo Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach i 1999. I measc na ndaoine a chuirfear faoi agallamh beidh Niall Cahalane, Sean Boylan agus Eamonn Ryan.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL1)
Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Lorelai le Max a phósadh. Ní mó ná sásta atá Emily gur ó Sookie a chloiseann sí an scéala. Ní fada go mbíonn muintir an bhaile ag réiteach don bhainis. Tugann Rory Dean chun dinnéir i dteach a seantuismitheoirí ach is léir nach dtaitníonn Dean le Richard.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL6)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL1)
Téann Masha agus an Béar ag cuardach rud éigin le péinteáil.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL2)
Tagann cara leis an mBéar, an Tíogar, ar cuairt agus imríonn siad cluiche fichille.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL47)
Tá faitíos ar Catboy gluaiseachtaí damhsa áirithe a dhéanamh inniu.

Loopdidoo
Loopdidoo
15:28
(S5/CL9)
Tugann Petunia peata na scoile abhaile léi le haire a thabhairt dó agus bíonn éad ar Loopdidoo.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL22)
Rachaidh Mús agus Jeaicín ar thuras go dtí an ghealach.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL46)
Tá Sailí agus Nic ag ligean orthu féin go bhfuil siad imithe amú. Ach cén chaoi a mbeadh sé i ndáiríre, dá ngabhfadh siad amú?

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL44)
Ní thaitníonn sé le Alvin gur mó cáil atá ar réaltaí teilifíse ná mar atá air féin. Beartaíonn sé féin dul ar an teilifís le cáil a bhaint amach.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL10)
Tá an ghráin ag Dónall ar fheighlithe leanaí agus caithfidh sé teacht ar phlean chun an ceann nua seo a dhíbirt.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL9)
Tá Arlene ar chóiste atá imithe ó smacht... An mbeidh Garfield in ann í a thabhairt slán?

Jamie's Got Tentacles
Jamie's Got Tentacles
16:32
(S1/CL9)
Scaipeann Jamie síocháin agus grá ar fud an domhain.

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL27)
Tagann seilide strae chuig tigh SpongeBob.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S3/CL11)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ina bhfeiceann tú na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh - cailín a bheidh ag scipeáil agus cos amháin taobh thiar dá cloigeann aici ina measc. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL32)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL45)
Is í an oíche roimh bhainis Ghráinne agus David í. Tá siad le pósadh ar an trá. Ligeann Mo uirthi féin nach bhfuil dada ag cur as di ach insíonn Colm do John Joe go bhfuil sé féin agus Mo imithe óna chéile. Tá Pádraig agus Sam ag tarraingt go maith lena chéile. Tá gach duine an-mhór lena chéile ach an gcuirfidh glaoch ón ospidéal athrú ar chúrsaí? Tá sé ráite ag Maggie le Tadhg an teach tábhairne a thabhairt do Frances cé go bhfuil a dhlíodóir glan ina choinne sin. An dtabharfaidh Tadhg an teach tábhairne do Frances?

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL6)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL37)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

7 Lá
7 Lá
19:30
 
Clár cúrsaí reatha TG4 beo as Baile na hAbhann.

Garraí Glas (OS & TS)
Garraí Glas (OS & TS)
20:00
(S4/CL3)
Rachaidh Síle ar cuairt chuig Darach Ó Murchú, sléibhteoir as Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí atá i mbun staidéir ar an luibhliacht. Rachaidh siad sa tóir ar luibheanna fiáine ina gharraí san earrach agus feicfidh an Néalfartach faoi bhláth i ngleann sléibhe. Taispeánfaidh an luibhlia, Gaby Wieland an sponc di - planda atá le fáil go fairsing agus déanfaidh sí cur síos ar an mbealach lena úsáid agus na hairíonna leighis a bhaineann leis.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL45)
Is í an oíche roimh bhainis Ghráinne agus David í. Tá siad le pósadh ar an trá. Ligeann Mo uirthi féin nach bhfuil dada ag cur as di ach insíonn Colm do John Joe go bhfuil sé féin agus Mo imithe óna chéile. Tá Pádraig agus Sam ag tarraingt go maith lena chéile. Tá gach duine an-mhór lena chéile ach an gcuirfidh glaoch ón ospidéal athrú ar chúrsaí? Tá sé ráite ag Maggie le Tadhg an teach tábhairne a thabhairt do Frances cé go bhfuil a dhlíodóir glan ina choinne sin. An dtabharfaidh Tadhg an teach tábhairne do Frances?

A Little Bit Showband
A Little Bit Showband
21:00
(S2/CL2)
Clár faisnéise faoin amhránaí as Corcaigh, Kelley. Níl aon amhras ach gur mba í Kelley spéirbhean ré na seo-bhannaí agus bhí sí chomh maith le fear ar bith ag ragairne. Cé gur iomaí fear a raibh sí luaite leis, Tom Jones ina measc, níor phós sí riamh.

Glór Tíre (OS & TS)
Glór Tíre (OS & TS)
21:30
(S14/CL5)
Sraith nua eile de Ghlór Tíre. Beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus Phádraic Ó Neachtain agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jó Ní Chéide a bheidh ag moltóireacht. Shawn Cuddy a bheidh ag casadh ar stáitse Ghlór Tíre an tseachtain seo. Cuirfidh Shawn a iomaitheoir féin in aithne dúinn freisin, Orlaith Furey. Seo a leanas sonraí vótála Orlaith: Glór 4: 1513 415 104 / Glor4 to 53307; Glór 4: 0901 6566 104 / Glor4 to 60999.

Nashville (TS)
Nashville (TS)
22:30
(S5/CL16)
Tá Juliette agus Avery in árach a chéile faoi cheol Hallie. Faigheann Maddie amach cé a thosaigh an feachtas bulaíochta ar líne. Tá a dhóthain le déanamh anois ag Deacon - clann a thógáil agus Highway 65 a bhainistiú. Tá aird mhór ar Scarlett ó tharla í ag iompar clainne.

Friday Night Lights (TS)
Friday Night Lights (TS)
23:20
(S2/CL4)
Éiríonn Eric as mar chóitseálaí i gcoláiste le teacht abhaile go dtí a theaghlach agus na Panthers. Ach níl an cóitseálaí atá ann sásta imeacht. Téann Tim go Meicsiceo in éineacht le Jason. Féachann Lila le cuidiú le duine nach bhfuil ach tagtha amach as príosún. Glaoitear ar athair Landry nuair a aimsítear an corp a bhfuair Landry agus Tyra réidh leis.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
00:12
(S22/CL37)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Fíorscéal (OS & TS)
Fíorscéal (OS & TS)
00:15
(S18/CL19)
Clár faisnéise ar mar atá meaisíní ag glacadh áit an duine sa láthair oibre. Is cosúil nach ann don fhostaíocht lánaimseartha níos mó. Táthar ag baint níos mó agus níos mó úsáide ná riamh as meaisíní chun obair a dhéanamh agus is iad na fostaithe atá siar leis. Tabharfaidh taighdeoirí, fir ghnó agus sceithirí a gcuid tuairimí féin ar an ábhar sa chlár seo.

France 24
France 24
01:20
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Máirt, Feabhra 06, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith