Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé Céadaoin, Feabhra 07, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL2)
Is í Fraincín an cúl báire ar an bhfoireann sacair ach ní mó ná sásta atá Olivia faoi.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL48)
Ligeann T Rex air féin gurb é féin Rí Neptune sa chaoi is go mbeidh sé in ann óir a ghoid ó na mairnéalaigh.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL37)
Ní cairde ar bith anois iad Sputnik agus Jet agus iad i gcomórtas lena chéile.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL38)
Tá na cairde ag tóraíocht taisce ar an spáslong.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S2/CL1)
Níl aon áit le fanacht ag na lachain. Socraíonn Olly agus Stan áit nua a fháil dóibh.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S2/CL2)
Ní bhíonn an t-ádh ar Olly. Tá gach rud contráilte agus is measa atá cúrsaí ag fáil.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL19)
Caithfidh Dora agus Bróigín na hainmhithe beaga a aimsiú agus iad a thabhairt ar ais abhaile.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL29)
Nuair a théann Rev i bhfostú ar an lá spraoi agus cluichí, caithfear Tom a aimsiú.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL13)
Tá Fraidy Francach imithe amú san fhéar. An bhfuil sé in am an féar a ghearradh?

Dot
Dot
08:45
(S1/CL23)
Téann Dot ag iascaireacht lena hathair.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL1)
Téann Masha agus an Béar ag cuardach rud éigin le péinteáil.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL27)
Tugann róbait cúnamh do Messy agus a chairde nuair a bhíonn siad ag tógáil droichid.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL36)
Ba mhaith le Sailí bronntanas a fháil do Pheigí, a panda stuáilte.

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
09:30
(S2/CL15)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga feirme an mhaidin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S7/CL14)
Tá Jason ag smaoineamh diúltú dul sa tseirbhís mhíleata. Tá tatú míleata faighte ag Jim Bob.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S7/CL15)
Tugann muintir Walton cúnamh do sheanchara le John-Boy a gortaíodh go dona sa Dara Cogadh Domhanda.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL29)
Sraith cócaireachta. Is iad na Sasanaigh a thug na tithe tábhairne isteach san Astráil ar dtús ach is iad na hAstrálaigh a thug bia isteach sna tithe tábhairne. Sa chlár seo, réiteoidh Maggie agus Simon bia tábhairne agus cuirfidh siad Damien Pi in aithne dúinn, fear a raibh tionchar mór aige ar bhia bistro na hAstráile.

Garraí Glas (OS & TS)
Garraí Glas (OS & TS)
12:30
(S4/CL3)
Rachaidh Síle ar cuairt chuig Darach Ó Murchú, sléibhteoir as Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí atá i mbun staidéir ar an luibhliacht. Rachaidh siad sa tóir ar luibheanna fiáine ina gharraí san earrach agus feicfidh an Néalfartach faoi bhláth i ngleann sléibhe. Taispeánfaidh an luibhlia, Gaby Wieland an sponc di - planda atá le fáil go fairsing agus déanfaidh sí cur síos ar an mbealach lena úsáid agus na hairíonna leighis a bhaineann leis.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL2)
Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Lorelai le Max a phósadh. Ní mó ná sásta atá Emily gur ó Sookie a chloiseann sí an scéala. Ní fada go mbíonn muintir an bhaile ag réiteach don bhainis. Tugann Rory Dean chun dinnéir i dteach a seantuismitheoirí ach is léir nach dtaitníonn Dean le Richard.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL7)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL3)
Tabharfaidh Masha cúnamh don Bhéar a ghrá geal a mhealladh.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL4)
Ólann Masha deoch a chabhraíonn le plandaí fás agus nach bhfuil sí féin mór millteach anois freisin.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL48)
Tá Gekko ag ceapadh go bhfuil sé an-láidir anocht.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL14)
Tá dath aisteach ar fhiacla Stríocaí. Iarrann Wissper cúnamh ar Chian chun iad a chur ina gceart.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL23)
Faigheann Mús agus Jeaicín post sa sorcas agus taitníonn siad thar cionn leis an lucht féachana!

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL47)
Tá Sailí ag iarraidh go bhfásfaidh an bláth a chuir sí dá máthair ach níl sé ag fás ar chor ar bith.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL45)
Inniu a bheidh an comórtas bácála ar siúl agus tá cáca Eleanor ag fuarú sa chistin. Ach itheann Brittany agus Alvin é nuair a thagann siad abhaile. An mbeidh cáca eile déanta in am acu?

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL11)
Níl Dónall in ann a theidí a aimsiú agus tá sé cinnte gur ghoid duine éigin é.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL10)
Tá an Dochtúir Whipple agus a bhuíon i gceannas anois agus tá Jon, Garfield agus Odie curtha as post acu. Tá an mapa den Chumar drithleach ag Doc anois, ach an bhfuil fírinne ar bith leis na ráflaí meas tú?

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL33)
Leaindeálann Winston, Dudley agus Hampton ar Phláinéad an Seascainn trí thimpiste agus casann siad le déagóir craiceáilte.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL6)
Déanann Drool gabhair de chuile dhuine.

Whiz sa Chistin (GS)
Whiz sa Chistin (GS)
16:55
(S1/CL38)
Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Sarah agus Liam aghaidh ar Joey agus ar Mháirtín.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL33)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

The Foster & Allen Show
The Foster & Allen Show
17:30
(S3/CL10)
Sraith eile ceoil agus siamsaíochta i dteannta Mick Foster agus Tony Allen. Beidh na damhsóirí Audrey agus Avril Murphy as Glasán, an Iarmhí ar chlár na hoíche anocht agus damhsóidh siad cúpla steip. Casfaidh siad na hamhráin 'If I Were A Blackbird' agus 'The Ring Your Mother Wore' chomh maith. Is é Mike Denver aoi na hoíche anocht.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL7)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL38)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Gafa ar Cheamara (OS & TS)
Gafa ar Cheamara (OS & TS)
19:30
(S5/CL5)
Sraith fiadhúlra a léireoidh iontais an dúlra ar fud na cruinne. Tabharfar léiriú neamhghnách ar fhiadhúlra ó phictiúir agus ó scannáin a thóg lucht gairmiúil agus gnáthdhaoine a bhí san áit cheart ag an am ceart.

Pampooties (OS & TS)
Pampooties (OS & TS)
20:30
(S14/CL12)
Ba mhór an suntas a thug dream ón taobh amuigh don éadach a chaitheadh muintir Árann. Éadach acmhainneach, a bhí déanta go stuama le lámh ar mba léiriú é orthu féin agus ar an gcineál saoil a chaith siad. Tá grúpa ban anois ar Inis Oírr a bhíonn ag bailiú ball éadaigh traidisiúnta le súil an tsuim a bhí sa ghné shaibhir seo d'oidhreacht na n-oileán a athbheochan arís.

A Little Bit Showband
A Little Bit Showband
21:00
(S2/CL3)
Clár faisnéise faoi phríomhamhránaí conspóideach an bhanna 'The Freshmen', Derek Dean. Tabharfaidh Derek cuntas ar a shaol mar a chaith sé é i ré na seó-bhannaí - gur ól sé go leor agus gur mó suime a bhí aige i gcúrsaí gnéis ná i gcúrsaí ceoil.

Bás Nó Saoirse (OS & TS)
Bás Nó Saoirse (OS & TS)
21:30
(S1/CL1)
Ag tús an naoú haois déag, bhí Éire ina cuid dhílis d'Impireacht na Breataine, an impireacht ba mhó riamh i stair an chine dhaonna ina raibh a gcearta á ndiúltú do na milliúin. Is thart ar an am seo a thosaigh dornán beag daoine in Éirinn ag tabhairt dúshlán an fhorlámhais seo agus ag deimhniú lena mbriathra agus lena ngníomhartha nach raibh siad ag géilleadh dó, ina measc Michael Dwyer, Philip Cunningham agus William Smith O'Brien. Nuair a cuireadh an dlí orthu, ciontaíodh iad agus ba é a bpionós iad a dhíbirt chun na hAstráile. Seo é a scéal.

Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
Survivor: Millennials vs. Gen X (OS & TS)
22:30
(S33/CL5)
Rachaidh na hiomaitheoirí sa tóir ar an íol díolúine.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:23
(S22/CL38)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Rebecca Storm  Ar Stáitse
Rebecca Storm Ar Stáitse
23:25
(S3/CL6)
Ceolchoirm Rebecca Storm a taifeadadh i dTeach Ceoldráma Chorcaí i 1988. Casfaidh sí amhráin ar nós 'Phantom of the Opera', 'I don't know how to Love Him', 'Tell Me It's Not True' agus 'Another Suitcase in Another Hall'.

Scór Encore (OS)
Scór Encore (OS)
23:55
(S1/CL5)
Beidh iomaitheoirí as chuile chearn den tír ar stáitse anocht agus iad ar fad ag iarraidh a bheith ar Shiamsóirí Óga na Bliana TG4. Cé a bheidh in ann dul i gcion ar na moltóirí lena gcuid ceoil, amhrán agus damhsa agus dul ar aghaidh chuig an mbabhta ceathrú ceannais?

Dáil Éireann
Dáil Éireann
00:55
(S18/CL33)
Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

France 24
France 24
01:20
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé Céadaoin, Feabhra 07, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith