Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Déardaoin, Feabhra 08, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL3)
Tá seó tallainne do pheataí ar siúl i rang Olivia ach níl aon pheata ann mar peata Fraincín.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL49)
Tá An Dearcán feistithe amach ag Tom agus is bád breá anois í.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL39)
Tá cochall spáis nua ag Comet agus tá sé ag iarraidh é a roinnt le daoine.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL40)
Ceapann Comet nach bhfuil Halley mór leis níos mó mar gheall nár thug sí cárta dó do Lá na gCairde.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S2/CL3)
Ní bhíonn Bazza go deas lena chairde ar a bhreithlá.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S2/CL4)
Tá deireadh curtha ag an Uasal Dris le seirbhís bus Phlimpáin agus níl aon bhealach chuig an trá anois ag Ned ná ag Meg.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL20)
Tá Dora ag iarraidh solas oíche a thabhairt chomh fada leis an leabharlann sula mbeidh sé ródhorcha.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL30)
Tá Matt sáinnithe ar an díon agus tá Mo i bhfostú i gcrann.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL14)
Inniu Lá an Fhómhair i gClós na mBalún agus tá na torthaí agus na glasraí ar fad réidh le baint.

Dot
Dot
08:45
(S1/CL24)
Tá gadaí i ngairdín Dot.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL2)
Tagann cara leis an mBéar, an Tíogar, ar cuairt agus imríonn siad cluiche fichille.

Peg & Cat
Peg & Cat
09:03
(S3/CL10)
Níl a fhios ag Peg ná ag Cat cén chaoi a ndéanfaidh siad bronntanas do Shéamus dá sheomra mar tá sé ag cur faoi in dhá áit!

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL37)
Tá Nic ag iarraidh lón a dhéanamh dá mháthair i ngan fhios di, ach tá sí seasta ag teacht isteach sa chistin.

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
09:30
(S2/CL16)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga feirme an tráthnóna.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S7/CL16)
Téann Olivia agus John ar saoire, ach nuair a thagann siad abhaile faigheann Olivia amach go bhfuil an eitinn uirthi agus tá uirthi dul isteach sa sanatóir.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S7/CL17)
Is beag nach maraítear Jim Bob agus socraíonn sé a bheith ina mhinistir. Tá Elizabeth ag obair ar thionscadal eolaíochta agus tá uirthi feithidí a bhailiú.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL30)
Sraith Cócaireachta. Fillfidh Maggie agus Simon ar an am a mbíodh daoine ag ceannach a gcuid bia ó na margaí áitiúla. Réiteoidh siad pasta le piseanna agus bradán cadail an earraigh.

Bia 's Bóthar (OS)
Bia 's Bóthar (OS)
12:30
(S1/CL1)
Tugann Éamonn Ó Catháin cuairt ar a bhaile féin Béal Feirste. Pléifidh sé stair shóisialta na cathrach chomh maith leis an Titanic. Tabharfaidh sé cuairt ar cheannaí éisc ar an Seanchill agus ar cheann de na margaí is sine sa chathair agus pléifidh sé na hathruithe atá tagtha ar Bhéal Feirste agus ar nósanna ite na ndaoine.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL3)
Sraith ghrinn drámaíochta. Téann cóisir cearc Lorelai ó smacht a bhuíochas do Sookie. Glaonn Lorelai ar Christopher, athair Rory, agus tuigeann sí láithreach nach é Max an fear atá uaithi beag ná mór.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL8)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL5)
Tagann Masha ar scuab dhraíochta.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL6)
Cabhróidh Masha leis an mBéar aird na piongaine a fháil.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL49)
Níl Gekko sásta an rud a deirtear leis a dhéanamh anocht.

Loopdidoo
Loopdidoo
15:28
(S5/CL10)
Tabharfaidh Petunia agus Gladys ceachtanna tiomána do Loopdidoo agus do Oodles inniu mar go bhfuil siad saor ón scoil.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL24)
Féachann Mús agus Jeaicín le fáil réidh leis na taibhsí atá i dteach an Mhéara.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL48)
Níl Sailí ná Nic in ann feadaíl.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL46)
Tá imní ar na hioraí talún go bhfuil Dáithí ag bogadh isteach i dteach nua. Féachann said le stop a chur le díol an tí.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL12)
Déanfaidh Dónall Dána rud ar bith lena cheacht snámha a sheachaint.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL11)
Déanfaidh Mama Meaney rud ar bith chun gach bialann beag Iodálach a dhúnadh... agus ní haon timpiste é go bhfuil Tigh Vito lán le francaigh.

Jamie's Got Tentacles
Jamie's Got Tentacles
16:32
(S1/CL10)
Tá Jamie ag iarraidh a bheith ina shárlaoch.

Spongebob Squarepants (GS)
Spongebob Squarepants (GS)
16:43
(S9/CL28)
Glacann Patrick páirt i gcomórtas itheacháin.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
16:55
(S4/CL7)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Feicfimid iarracht sa tSín le curiarracht a bhaint amach ag úsáid taos píotsa. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

Dochreidte Gan Dabht (GS)
Dochreidte Gan Dabht (GS)
17:10
(S4/CL8)
Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Feicfimid an siúlóid is tapúla san aer idir dhá bhalúin te. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
17:25
(S21/CL34)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
17:30
(S22/CL46)
Inniu lá mór Ghráinne agus David. Tá an-chreideamh ag Gráinne i bpiseoga agus tagann imní uirthi faoin aimsir agus an snag breac amháin a chonaic sí. Cén chaoi a n-aireoidh sí nuair nach mbíonn David ag an searmanas roimpi? Tugann Tadhg cuireadh do Maggie dul in éineacht leis Tigh Thaidhg ag an mbainis. Faigheann Pádraig scéala ón ospidéal go bhfuil Sonia ag feabhsú agus tugann sé Sam ar cuairt chuici. Tá na dochtúirí den tuairim gur gearr go mbeidh Sonia ina dúiseacht.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
18:00
(S8/CL8)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL39)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Turas Húicéara (OS & TS)
Turas Húicéara (OS & TS)
19:30
(S1/CL5)
Ardaítear na seolta ar an húicéir arís is a n-aghaidh ó thuaidh ar na hArcaibh acu an iarraidh seo sula ndéanann siad a mbealach isteach lár-tíre chuig láthair Chath Chúl Lodair agus ar uiscí chlúite Loch Nis.

Tríd an Lionsa (OS & TS)
Tríd an Lionsa (OS & TS)
20:00
(S2/CL5)
Sraith nua a thugann léargas ar an saibhreas breá grianghraf atá sna taiscí cartlainne, grianghraif a tógadh sa tír sa tréimhse 1880-1902, luath-laethanta ré na grianghrafadóireachta in Éirinn. Á chur i láthair ag an Dr. Úna Ní Bhroiméil. Scrúdófar bailiúchán cártaí poist sa chlár seo agus cárta poist ar leith a raibh íomhá den bhaile 'Ballymaclinton' air, baile bréige a chum an Bhantiarna Ishbel a bhí ina ceann ar Chumann Tionscail na hÉireann ag am le súil is léargas de chineál nua, snasta a thabhairt ar mhná na hÉireann.

Ros na Rún (OS & GS)
Ros na Rún (OS & GS)
20:30
(S22/CL46)
Inniu lá mór Ghráinne agus David. Tá an-chreideamh ag Gráinne i bpiseoga agus tagann imní uirthi faoin aimsir agus an snag breac amháin a chonaic sí. Cén chaoi a n-aireoidh sí nuair nach mbíonn David ag an searmanas roimpi? Tugann Tadhg cuireadh do Maggie dul in éineacht leis Tigh Thaidhg ag an mbainis. Faigheann Pádraig scéala ón ospidéal go bhfuil Sonia ag feabhsú agus tugann sé Sam ar cuairt chuici. Tá na dochtúirí den tuairim gur gearr go mbeidh Sonia ina dúiseacht.

A Little Bit Showband
A Little Bit Showband
21:00
(S2/CL4)
Clár faisnéise ar na deartháireacha Swarbrigg as Muinchille, Co. an Chabháin. In éineacht le Joe Dolan agus a bhanna a thosaigh na deartháireacha agus thuill clú agus cáil nuair a chas siad sa chomórtas Eurovision i 1975 agus arís i 1977. Chaith Jimmy agus Tommy Swarbrigg an saol in éineacht, ó bhanna práis i Muinchille, Co. an Chabháin agus an cháil a thuill siad le linn ré na seó-bhannaí.

Tithe Cois Farraige (OS & TS)
Tithe Cois Farraige (OS & TS)
21:30
(S1/CL1)
Sraith 8 gclár a thabharfaidh léargas ar áilleacht agus ar éagsúlacht árais chónaithe le cósta in Éirinn. Ar chósta Dhún na nGall a bheidh Síle sa chlár seo áit a dtabharfaidh sí cuairt ar theach an amhránaí, Mairéad Ní Mhaonaigh chomh maith le The Pig House agus Tuath na Mara, dhá theach breátha a dhear Ailtirí MacGabhann.

Hector Central (OS & TS)
Hector Central (OS & TS)
22:00
(S1/CL1)
Is ar Mheiriceá Láir atá triail Hector sa tsraith seo, ó Chathair Phanama go Cathair na Beilíse agus é ag leanúint bhóthar an Pan-American Highway den chuid is mó. Is réigiún iontach ilghnéitheach é seo ina bhfuil áilleacht, cultúr spreagúil, polaitíocht chorrach, teannas go leor agus coiriúlacht ar fáil go forleathan freisin. Cuirfidh Hector tús lena thuras i bPanama ar Chanáil Phanama sula dtabharfaidh sé aghaidh ar Alley Cat Fitness le casadh le cuid de na trodaithe UFC. Gheobhaidh sé amach an fhírinne cheart faoi Phanama sula mbeidh sé ag éisteacht le ceol in éineacht le Nando Boom.

Fíorscéal (OS & TS)
Fíorscéal (OS & TS)
22:30
(S18/CL20)
Clár faisnéise faoi Williston, baile beag i North Dakota, nach bhfuil aon lorg den chúlú eacnamaíochta ná den dífhostaíocht le brath ann, ní hionann is bailte eile i Meiriceá. Tá ceann de na cúltaiscí is mó ola scealla i Williston. Déanann na mílte a mbealach go Williston anois agus iad ag iarraidh airgead mór a shaothrú ann, beag beann ar an dochar a dhéanfar don cheantar san fhadtéarma.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:35
(S22/CL39)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Scannán: Cupid (TS)
Scannán: Cupid (TS)
23:40
 
(2012, Scannán grinn) Joely Fisher, Jamie Kennedy agus Roark Critchlow na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Ron Oliver. Tá Eve Lovett an-dáiríre faoina post ar chlár teilifíse agus is beag suim atá aici i gcúrsaí grá. Ach nuair a chastar Cúipid uirthi ag teannadh le Lá Fhéile Vailintín, déanann sí margadh leis. Má dhéanann sise cleamhnas idir beirt roimh an lá mór, casfar a grá geal féin uirthise ach mura ndéanfaidh beidh sí ina haonar.

Dáil Éireann
Dáil Éireann
01:15
(S18/CL34)
Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

France 24
France 24
01:40
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Déardaoin, Feabhra 08, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith