Baile » Sceideal » Sceideal Iomlán

Dé hAoine, Feabhra 09, 2018
France 24
France 24
05:30
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
07:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Olivia (GS)
Olivia (GS)
07:02
(S1/CL4)
Níl ag éirí rómhaith le seastán líomanáide Olivia.

An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár
07:13
(S1/CL50)
Titeann an ghaoth agus cé is cúis leis? T Rex ar ndóigh!

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:25
(S1/CL41)
Tagann GamGam ar cuairt agus bíonn na cairde ag rá rudaí fúithi a cheapann siad atá fíor mar gheall ar an aois atá aici.

Astroblast! (GS)
Astroblast! (GS)
07:37
(S1/CL42)
Tá faitíos ar Halley nach bhfuil Sputnik mór léi níos mó ó tharla é ag caitheamh níos mó ama le Jet.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:50
(S2/CL5)
Nuair a thugann an tUasal Dris bóthar dá chuid cúntóirí, féachann Stan agus Olly le jabanna eile a fháil dóibh.

Olly an Veain Bheag Bhán
Olly an Veain Bheag Bhán
07:55
(S2/CL6)
Tá Bazza ag caimiléireacht i gcomórtas na bpióg.

Dora (GS)
Dora (GS)
08:00
(S8/CL1)
Tugann Dora aghaidh ar an mBrasaíl chun dul ag imirt i gcomórtas mór sacair.

Tractor Tom
Tractor Tom
08:25
(S1/CL31)
Tabharfaidh Fi bronntanas beag do na hoibrithe uilig má chríochnaíonn siad a gcuid oibre in am.

Balloon Barnyard
Balloon Barnyard
08:36
(S1/CL15)
Tá gach duine i gClós na mBalún fuar inniu mar go bhfuil poill i mballaí an sciobóil!

Dot
Dot
08:45
(S1/CL25)
Tá Dot agus Hal ag iarraidh gairdín nua a réiteach.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
08:56
(S2/CL3)
Tabharfaidh Masha cúnamh don Bhéar a ghrá geal a mhealladh.

Messy, Seo Linn go Okido
Messy, Seo Linn go Okido
09:03
(S1/CL28)
Ceapann Messy go bhfuil stocaí bréana agus cosa cáise iontach go dtí go mbíonn drochbholadh ó chosa Lofty.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
09:15
(S1/CL38)
Níl a fhios ag Nic cár fhág sé a yó-yó.

Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)
09:30
(S2/CL17)
Caithfimid súil ar mar a chaitheann tuilleadh ainmhithe óga sa chathair an mhaidin.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:00
(S7/CL18)
Cuireann Ben pictiúr d'Erin isteach ar chomórtas. Níl dada eile ar intinn Mary Ellen ach a bheith ina máthair ag John Curtis.

The Waltons (TS)
The Waltons (TS)
10:58
(S7/CL19)
Tá an ganntan bia aimsir an chogaidh ag cur isteach ar Ike, fear an tsiopa. Tugann muintir Walton cúnamh dó sa siopa. Tógann Ben agus Jim-Bob muileann chun molás a tháirgeadh.

The Cook & The Chef (TS)
The Cook & The Chef (TS)
11:55
(S4/CL31)
Sraith Cócaireachta. Caithfidh Maggie agus Simon súil ar an mbia a d'itheadh agus a itheann na hAstrálaigh. Réiteoidh siad béilí leis an mbia is fearr leo féin, bia atá le fáil go fairsing agus go háitiúil.

Pampooties (OS & TS)
Pampooties (OS & TS)
12:30
(S14/CL12)
Ba mhór an suntas a thug dream ón taobh amuigh don éadach a chaitheadh muintir Árann. Éadach acmhainneach, a bhí déanta go stuama le lámh ar mba léiriú é orthu féin agus ar an gcineál saoil a chaith siad. Tá grúpa ban anois ar Inis Oírr a bhíonn ag bailiú ball éadaigh traidisiúnta le súil an tsuim a bhí sa ghné shaibhir seo d'oidhreacht na n-oileán a athbheochan arís.

The Gilmore Girls (TS)
The Gilmore Girls (TS)
13:05
(S2/CL4)
Sraith ghrinn drámaíochta. Níl Lorelai ag iarraidh fanacht i Stars Hollow ag éisteacht le chuile dhuine ag déanamh trua di gur cuireadh an bhainis ar ceal. Téann sí féin agus Rory ar thuras bóthair chuig Ollscoil Harvard. Thaitneodh le Rory freastal ar choláiste. Smaoiníonn Lorelai ar an saol a d'fhéadfadh a bheith aici.

Weakest Link (TS)
Weakest Link (TS)
14:00
(S8/CL9)
Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

Cúla 4 na nÓg
Cúla 4 na nÓg
15:00
 
Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:02
(S2/CL7)
Tá fiacail le tarraingt ag Masha mar gheall go bhfuil sí ag ithe an iomarca rudaí milse.

Masha agus an Béar
Masha agus an Béar
15:09
(S2/CL8)
Faigheann Masha seancheamara agus tógann sí pictiúir dá cairde ar fad.

PJ Masks
PJ Masks
15:16
(S1/CL50)
Níl aon mhuinín ag Owlette as a cumas eitilte anocht.

Wissper
Wissper
15:28
(S1/CL15)
Tugann Wissper cúnamh do mhuc agus a cuid banbh nuair a thriomaíonn an poll puití.

Is Ait an Mac é Mús
Is Ait an Mac é Mús
15:35
(S1/CL25)
Réiteoidh Mús agus Jeaicín mias speisialta don chailleach mar gur éirigh léi pas a fháil ina cúrsa.

Cat a' Hata (GS)
Cat a' Hata (GS)
15:40
(S1/CL49)
Is é an boladh atá ar bhrioscaí sceallaí seacláide an boladh is fearr le Nic, ach níl a fhios ag Sailí cén boladh is ansa léi féin.

Cúla 4
Cúla 4
15:55
 
Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

Alvinnn !!! agus na Chipmunks
Alvinnn !!! agus na Chipmunks
15:57
(S1/CL47)
Iarrann Jeanette ar na hioraí talún léirmheas a dhéanamh ar phíosa ealaíne Brittany. Cé nach bhfuil mórán caoi ar an bpíosa atá déanta aici níl siad ag iarraidh Brittany a ghortú agus ligeann siad orthu go bhfuil sé iontach.

Dónall Dána (GS)
Dónall Dána (GS)
16:08
(S1/CL13)
Tá Dónall ag obair lena athair inniu ach má tá féin, is beagnach go dtarraingíonn sé trioblóid.

Garfield (GS)
Garfield (GS)
16:19
(S4/CL12)
Ní chreideann Vito go bhfuil lasáinne ann atá níos fearr ná a cheann féin, ná go bhfásann sé ar chrann, mar sin téann sé chuig an Iodáil chun é a fháil.

Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong
16:32
(S1/CL34)
Scaoileann Sissy Wissy taibhse saor ó bhurgar trí thimpiste.

Fangbone
Fangbone
16:43
(S1/CL7)
Ní dhéanann Fangbone ná Bill taighde ar bith dá dtionscnamh ar sheascainn.

WAC (OS)
WAC (OS)
16:55
(S1/CL6)
Cuireann Tomaí, Éadaoin agus Caoimhe orthu a gcuid bróga reatha le greim a fháil ar na hainmhithe is sciobtha agus is eitleogaí ar ár bpláinéad.

Is Eolaí Mé (GS)
Is Eolaí Mé (GS)
17:25
(S1/CL11)
Aer agus an tábhacht atá leis is ábhar do chlár an lae inniu. Fiosróidh Peadar an smacht atá ag an aer ar an aimsir, ar an domhan agus fiú ar eitilt. Beidh Cian Ó Cadhain agus Fionán Ó Gríofa ag cabhrú le Peadar sa stiúideo. Tabharfaidh ár dtuairisceoir Úna aghaidh ar na farraigí móra in éineacht leis na bádóirí óga agus rachaidh sí ag seoltóireacht den chéad uair riamh! Rachaidh Peadar ag surfáil eitleoige. Beidh sé ina ruaille buaille sa tsaotharlann nuair a mheascann an tOllamh agus Aodh aer agus héiliam.

Aifric (OS)
Aifric (OS)
17:55
 
Nuair a thugann Aifric cuireadh do chailíní an bhaile teacht agus cóisir thar oíche a chaitheamh sa teach, tagann Claudia aniar aduaidh uirthi is í ag iarraidh an oíche a scriosadh. An éireoidh leis an gcóisir nó an mbeidh sí ina ceap magaidh ag an scoil?

Lurgan 2K17 (GS)
Lurgan 2K17 (GS)
18:25
(S1/CL8)
Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Jack Conneely, 17, as Baile Átha Cliath leagan Shinéad O'Connor d'amhrán Prince 'Nothing Compares 2 U' agus 'Scared To Be Lonely' le Martin Garrix agus Dua Lipa.

Lurgan 2K17 (GS)
Lurgan 2K17 (GS)
18:40
(S1/CL9)
Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Zara Finn, 17, as Corcaigh agus Charlie McGarry, 16, as Baile Átha Cliath 'Roghnaigh d'Fhonn' a scríobh Charlie é féin agus 'My Type' le Saint Hotel.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
18:57
(S22/CL40)
Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

Nuacht TG4
Nuacht TG4
19:00
 
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

Rugbaí Beo
Rugbaí Beo
19:30
 
Craoladh beo ar Dhún Éideann v Laighin as Myreside sa cheathrú babhta déag den tSraith Guinness PRO14. Beidh díocas ar Dhún Éideann an cluiche seo a bhuachan go háirithe mar gheall go bhfuair Laighin an ceann is fearr orthu i mí Mheán Fómhair sa chúigiú babhta san RDS leis an scór 21-13.

An Western: From Noon Till Three
An Western: From Noon Till Three
21:30
 
(1976, Scannán buachaillí bó) Charles Bronson, Jill Ireland agus Douglas Fowley na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Frank D. Gilroy. Scríobhann baintreach óg, dhathúil, leabhar faoin trí uair an chloig iontacha a chaith sí in éineacht le fear a bhfuil na húdaráis sa tóir air.

Turas Húicéara (OS & TS)
Turas Húicéara (OS & TS)
23:20
(S1/CL5)
Ardaítear na seolta ar an húicéir arís is a n-aghaidh ó thuaidh ar na hArcaibh acu an iarraidh seo sula ndéanann siad a mbealach isteach lár-tíre chuig láthair Chath Chúl Lodair agus ar uiscí chlúite Loch Nis.

An Aimsir Láithreach
An Aimsir Láithreach
23:50
(S22/CL40)
An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

The Windmill Lane Sessions (OS & TS)
The Windmill Lane Sessions (OS & TS)
23:55
(S1/CL1)
Sraith ceoil a thaifead na hoirfidigh is aitheanta sa tír sa stiúideo is mó a luaitear le forbairt an cheoil in Éirinn le 30 bliain - stiúideo Lána an Mhuilinn Ghaoithe cois life sa bpríomhchathair. Seinnfidh na ceoltóirí a rogha féin amhrán agus cuirfear faoi agallamh iad san áit is ansa leo - sa stiúideo taifeadta. Beidh triúr ceoltóirí faoi chaibidil i ngach clár -Declan O'Rourke, The Beau Motives agus Brian Kennedy aíonna an chláir seo.

The Almighty Johnsons (TS)
The Almighty Johnsons (TS)
00:25
(S2/CL9)
Dúisíonn Axl ag Gaia ag bogadh troscán mar gheall ar bhrionglóid a bhí aici. Tá a jab caite in aer aici freisin cé nach bhfuil aon údar aici leis. Ach sula mbíonn deis ag Axl í a cheistiú faoi tagann Bryn agus Jacob isteach sa mullach orthu ag iarraidh ar Gaia teacht in éineacht leo.

France 24
France 24
01:20
 
Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

Dé hAoine, Feabhra 09, 2018
Níl TG4 freagrach as an ábhar ar Shuíomh Gréasáin seachtrach ar bith